Maidir le COMHAR

Príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge is ea COMHAR,

  • a fhoilsíonn iris mhíosúil liteartha na Gaeilge, Comhar,
  • a bhfuil inphrionta foilsitheoireachta leabhar, LeabhairCOMHAR, á rith aici,
  • a thugann comhordú agus maoirseacht don inphrionta acadúil Cló Léann na Gaeilge (CLÓ),
  • a fhoilsíonn iris acadúil phiarmheasta bhliantúil COMHARTaighde,
  • a thugann stiúir don bhunachar/cartlann dhigiteach náisiúnta phortráidí, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Tá COMHAR buíoch de Fhoras na Gaeilge, de Chlár na Leabhar Gaeilge, den Chomhairle Ealaíon agus d’Acadamh Ríoga na hÉireann as a dtacaíocht sna tograí seo.

Cúlra

Ó bunaíodh í, bhí réim saoil fhada chlúiteach ag COMHAR mar eagraíocht, agus a hiris Comhar ar cheann de na teidil is so-aitheanta agus is mó cáil i saol na Gaeilge san iriseoireacht. Ba dhúshraith agus ba chrann taca í Comhar do shaothrú agus do bhláthú na nualitríochta Gaeilge i gcaitheamh an ama sin. Is san iris a foilsíodh saothar le beagnach gach scríbhneoir Gaeilge a thuill clú sa tréimhse sin. Maidir le cúrsaí reatha, níor leasc riamh le Comhar labhairt amach go calma agus go neamhspleách maidir leis na ceisteanna is mó a bhí i mbéal an phobail ag aon am ar leith.

Athbhunaíodh inphrionta foilsitheoireachta COMHAR faoin teideal LeabhairCOMHAR ag deireadh 2009. Tá eolas agus stair maidir le LeabhairCOMHAR anseo >>

Sa bhliain 2015, cuireadh tús leis an iris acadúil bhliantúil phiarmheasta COMHARTaighde. Tuilleadh eolais anseo >>

Sa bhliain chéanna, chuaigh COMHAR i mbun oibre ar an tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie), chun tógáil ar an obair a rinne Máire Uí Mhaicín do Foras na Gaeilge idir 2009-2013. Tuilleadh eolais anseo >>

Ghlac COMHAR ról ceannródaíoch le foilsitheoireacht acadúil a thabhairt ar na bonnaibh, i gcomhairle le hOllscoileanna na tíre, trí Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a bhunú sa bhliain 2019. Tuilleadh eolais anseo >>

Tuigeann Bord Stiúrtha COMHAR go bhfuilimid inár gcaomhnóirí ar thraidisiún luachmhar liteartha agus iriseoireachta, traidisiún an-sainiúil atá ina ábhar mórtais, traidisiún a thug, agus a thugann go fóill, spreagadh agus ionspioráid. Níl fúinn loiceadh ar an traidisiún sin. Tá fúinn, ach go háirithe, treisiú ar ábhar a fhoilsiú a fhéachann le torthaí taighde agus smaoinimh an aos tríú leibhéal a chur i láthair phobail níos fairsinge. Tuigeann an Bord, áfach, nach mór a bheith oscailte do agus tuisceanach ar, na hathruithe atá ar an saol agus ar stíleanna beatha in Éirinn agus ar fud an domhain, i bhfianaise forbairtí sa teicneolaíocht agus sa tsochaí.com