Oifigeach Feidhmiúcháin
Is mian le Comhar na Múinteoirí Gaeilge Oifigeach Feidhmiúcháin a cheapadh.
Beidh sé/sí freagrach do Stiúrthóir agus d'Uachtarán Chomhar na Múinteoirí Gaeilge.

Critéir Bhunriachtanacha
• Ardchaighdeán Gaeilge, idir scríofa agus labhartha, mar aon le tiomantas don teanga;
• Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa agus ardscileanna idirphearsanta;
Oideachas 3ú leibhéal.

Critéir Inmhianaithe
• Eolas agus/nó taithí ar na córais oideachais thuaidh agus theas;
• Taithí ar chuspóirí agus spriocanna a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh orthu;
• Taithí ar thuairisciú airgeadais;
• Ceadúnas glan tiomána reatha agus gluaisteán a bheith aige/aici;
• Taithí Teagaisc


Is é grád an Oifigigh Fheidhmiúcháin, scálaí Státseirbhís Rialtas na hÉireann (€29,093– €46,167) an raon
tuarastail don phost thuas.

Beidh an post lonnaithe in oifig Chomhar na Múinteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

B'fhéidir go bhféadfaí an ceapachán seo a dhéanamh ar bhonn iasachta.


Tá Comhar na Múinteoirí Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise. Is de réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish Language, both written and verbal is an essential requirement
for the above post.

Foirm Iarratais agus Deascán Eolais:
Teil: 00 353 1 639 8448
R-phost: eolas@cnmg.ie

Nó is féidir scríobh chuig:
Comhar na Múinteoirí Gaeilge (poist),
f/ch. Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.


Spriocdháta:
Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte roimh 5.00 i.n. Dé hAoine 04 Iúil 2008.

Seoltar foirmeacha comhlánaithe chuig:
Anna Davitt, Comhar na Múinteoirí Gaeilge,
f/ch. Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean,

Baile Átha Cliath 2.

Tá Comhar na Múinteoirí Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 
 
Comhar na Múinteoirí Gaeilge | 7 Cearnóg Mhuirfean | Baile Átha Cliath 2 | 01 639 8445/8 | eolas@cnmg.ie | www.cnmg.ie
 
Coipcheart © 2007 ag Melt Design Ltd, Gach ceart ar cosaint.
Dearadh suímh le Melt Design Ltd