Scríobhaim leabhair Ghaeilge, maith dom é…

Éilis Neary
Scríobhaim leabhair Ghaeilge, maith dom é…

Tá riachtanais ar leith ag an scríbhneoir Gaeilge nach bhfuil Gaeilge ón gcliabhán aige ach ba mhímhúinte an mhaise d’aon duine labhairt faoi, a deir Éilis Neary

Bhí mé ar dhuine de na ‘scríbhneoirí a ghlac páirt sa Scéim Meantóireachta le Foras na Gaeilge in 2021 agus is maith is cuimhin liom a neirbhísí a bhí mé an chéad uair ar tháinig rannpháirtithe na scéime le chéile le haghaidh cruinnithe. Chuaigh mé i muinín gach seift dá raibh ann chun comhrá a sheachaint. Thosaigh mé ag breacadh síos nótaí le teann díograise gach uair ar cuireadh ceist orainn, nó ag útamáil le mo mhála, nó ag breathnú go diongbháilte ar mo dhá chos fiú. Bhí rún agam, rún folaigh agus gach seans go gcaithfí amach mé dá mbeadh a fhios ag aon duine faoi. Déanta na fírinne, is ar éigean go raibh mé in ann na ceisteanna a cuireadh orainn a thuiscint, gan trácht ar rud éigin ciallmhar a rá mar fhreagra. Ní raibh aon dul as ach mo ghob a dhúnadh agus mo chuid lochtanna gramadaí is comhréire a choinneáil i mo bholg.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Éilis Neary