Lig

Lig

Splancfhicsean le Julie Goo

Lá geal geimhridh, bogann bean mheánaosta ó sheomra go seomra ag baile agus í ag glanadh, na habairtí céanna á n-aithris aici, ‘Tá fonn orm rud éigin a rá leat. Ní mór dom rud a insint duit. Ba mhian liom...Nuair a saolaíodh mé...’

Gléasann sí í féin. Ag féachaint sa scátháin, smideadh á chur ar a haghaidh aici, ‘ Tá fonn orm rud éigin a rá leat. Ní mór dom rud a insint duit. Ba mhian liom...Nuair a saolaíodh mé...’

Tá sí corraithe.

Tá an seomra suite réidh don gcuairteoir; tine lasta, dhá ghloine, buidéal, agus cluiche Scrabble eagraithe ar an mbord.

Cnag ar an doras. Fear meánaosta ann, bláthanna aige di. Aghaidh chairdiúil air. Labhraíonn sé, ‘Ní mór dom a rá leat go bhfuil cac madra ar an gcosán díreach lasmuigh den gheata.’ Féachann sé ar bhonn a bhróige, ‘D’éirigh liom é a sheachaint is dócha.’

Suite ar an dtolg atá an bheirt acu, gloiní fíona ina lámha. Labhraíonn sí go neirbhíseach, ‘Ní mór dom rud a insint duit. Ní mór dom. Mar is eol duit táimid ag cur aithne ar a chéile le cúpla mí anuas.’

Ceann an fhir ag bogadh lena cuid focal. Cuma amhrasach ar a aghaidh.

Leanann sí, ‘Agus, bhí fonn orm rudaí a thógaint go deas mall, agus tá tú chomh foighneach liom agus táim buíoch as sin. Chomh buíoch.’

Tógann sé a lámh go séimh, miongháire caoin ar a aghaidh.

‘Ach ní mór dom a rá leat, nuair a saolaíodh mé. Nuair a saolaíodh mé. Saolaíodh mar bhuachaill mé.’

Cuma chaillte ar an bhfear. A lámh fós aige.

‘Saolaíodh mar bhuachaill mé, ach, ach, is bean anois mé le deich mbliana anuas.’

Féachann sé ar a lámh, a hingne ildaite. Cuma chaillte air.

Éalaíonn fuaim óna bhéal – ní focal, nó gáire, nó goil, ach fuaim ainneonach. Bogann a cheann go míchompordach. Féachann sé timpeall an tseomra. Seasann sé go tapaidh. Siúlann sé i dtreo an tinteáin. Piocann sé suas sluasaid bheag agus féachann sé uirthi. Cuma chaillte fós air.

Bogann sí go míchompordach ar an dtolg. ‘Céard atá…mmmm...céard atá…?’

Siúlann sé amach doras an tí, an tsluasaid ina lámh aige. Ritheann sí chuig an fhuinneog. Siúlann sé síos an cosán ach ní féidir léi é a fheiscint a thuilleadh sa dorchadas. Tar éis nóiméid, tagann sé i dtreo an tí arís. Filleann sí ar an dtolg go tapaidh. Isteach an doras leis agus an tsluasaid lán de chac madra. Téann sé amach an doras cúil chuig an mbosca bruscair. Níonn sé a lámha sa chistin nuair a fhilleann sé cúpla nóiméad dár gcoinn.

Suíonn sé síos ar an dtolg agus tá an focal ‘bean’ curtha ar an gcluiche Scrabble aici. Gan focal, cuireann sé an focal ‘fear’ leis. Cuireann sí ‘rún’ leis. Cuireann sé ‘g’ ag deireadh ‘fear’. Cuireann sí ‘náire’ ag deireadh ‘rún’. Cuireann sé ‘álainn’ le ‘náire’. Cuireann sí ‘fan’ leis an bhfocal ‘álainn’. Stánann siad ar a chéile.