Aistriúchain shoinéid 19 agus 29 go Gaeilge

Aistriúchain shoinéid 19 agus 29 go Gaeilge

Shakespeare (1564 – 1616). Aistriúcháin le Sorcha de Brún

Soinéad 19
(‘Devouring Time, blunt thou the lion’s paws’).


Úthach Cloig, bain faobhar de chrúba an leoin,
Is cuir an domhan ag ól a dea-chlann féin;
Pioc fiacail ghéar ó bhéal an tíogair fhiáin,
Is dóigh an Fhéinics ina fhuil go tréan;
Déan ráithí geal’ is bróin is tú ag dul,
Pé ní is mian is tú ag rith sa rás,
Don saol lán béil de mhilseacht, phian is ghol;
Ach crosaim ort aon choir uafáis mar chás,
Ná grean in aghaidh mo ghrá aimsir ná uain,
Ná breac led pheann línte na haoise ann;
Ach lig dó bheith gan cháim go deo go buan
Go bhfeicfear áilleacht feasta ar a cheann.
Fós, déan an t-olc más é do thoil, Sean-Am,
I ranna dom beidh síoraíocht is gean.






Soinéad 29
(‘When in disgrace with fortune and men’s eyes’).

Is míchlú orm gan rath i súile fear,
Ag caoineadh staid seo dom curtha le fán,
Is buairim neamh nach dtugann ach cluas bhodhar,
Ag smaoineamh orm, mo mallacht ar mo dhán,
‘Súil gur cosúil leis mé lena dhóchas,
A chuntanós eisean, na cairde dó,
Ealaíon an fhir thall is scóip an tsaibhris,
A dtaitníonn liom is mó, is lú an só;
Fós sa mhachnamh dom, nach mór féinfhuath,
Cuimhním ort le sult, imíonn mo náire,
Mar éan ag ardú leis sa spéir go luath,
As ithir dhuairc a cheol ag geataí Glóire;
Mar ’s é do ghrá mo shaibhreas ins an oíche,
Is diúltaím staid seo dom a mhalartú le ríthe.