Nuacht 2009
Bileog na Nollag ón tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge
Tá acmhainní don Nollaig (Bileog na Nollag 2009) ar fáil anseo. Is fiú breathnú ar 'Bileog na Nollag 2008' freisin toisc go bhfuil a lán eolais ann faoi shuímh idirlín úsáideacha do ranganna Gaeilge um Nollaig. Má tá acmhainní Nollag agat ar mhaith leat a roinnt le múinteoirí Gaeilge eile (nó aon acmhainní don Ghaeilge) seol chugainn iad agus cuirfimid i 'Rannóg na Múinteoirí' iad.
Múinteoirí Páirtaimseartha á lorg ag Gaelchultúr
-
Múinteoirí páirtaimseartha Gaeilge ag teastáil i ngach contae sa tír (go háirithe Co. an Chabháin, Co. Mhuineacháin agus Co. Cheatharlach)
-
Taithí agus ard chaighdeán Gaeilge riachtanach
-
Múinteoirí páirtaimseartha Gaeilge ag teastáil sna tráthnónta, le linn uaireanta oifige agus ag an deireadh seachtaine
Cuir CV ar an ríomhphost chuig eolas@gaelchultur.com nó glaoigh ar 1890 252 900
Fógra do mhúinteoirí Gaeilge – CLÓ BEO
>> Tuilleadh eolais
Comórtas Uí Chathail
Dan Ó Cathail a tugadh ar an Chiarraíoch ghroí a toghadh ar lárchoiste Chomhar dornán blianta ó shin. Cha raibh aithne shúl agam ar an fhear seo san am udaí d’ainneoin gur mhothaigh mé a iomrá. D’aithin mé é in áit na mbonn nuair a shiúil sé isteach sa chéad chruinniú s’aige de chuid an lárchoiste. Ba léir gur dhuine uasal údarásach é. Ba léir óna chuid cainte gur dhuine cairdiúil comhoibritheach é a bhí tiomanta don ghairm a bhí aige. Ba léir ar an chéad lá sin nach raibh sé tugtha don mhionchaint shuarach na don chur i gcéill. Ba léir leis gur dhuine fiúntach, gur mhúinteoir fiúntach gairmiúil é a chreid sa mhúinteoireacht mar ghairm oirirc agus mar mhodh le luachanna a iompar chuig an ghlúin a bhí ag teacht ina dhiaidh.
Ba dhuine léannta Dan. Bhí sé eolach ar an Ghaeilge agus ar an Bhéarla araon agus bhí meas aige ar an chultúr liteartha a bhain leis an dá theanga. Bhí sé ar a sháimhín só le Chaucher agus leis an Chéitinneach, le Frost agus leis an Direánach agus bhí sé breá ábalta sleachta leis na húdair seo agus le mórúdair eile a aithris go beacht. Bhí sé ar a shuaimhneas le hoideachasóirí úimléideacha chomh maith le foghlaimeoirí óga agus tá mé barúlach gur thaitin comhluadar na bhfoghlaimeoirí óga níos mó leis ná cuideachta na bpearsana mórluachacha. Múinteoir go smior ab ea é agus cuimhneofar air mar oide a bhí i dtólamh ag smaoineamh ar leas an fhoghlaimeora agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Bhí sé dáiríre faoi na cuspóirí a bhí ag Comhar agus bhain sé feidhm as gach áiméar leis na cuspóirí sin a chur chun tosaigh. D’fhreastail sé ar ócáidí ar fud na tíre le cuspóirí Chomhar a chraobhscaoileadh agus bhí sé thar a bheith gníomhach go háirithe sna blianta sular éag sé.
Tamall gairid sular éirigh sé tinn thaisteal sé ón Neidín mar a raibh sé ag teagasc go Luimneach agus go Gaillimh faoi seach le labhairt le Múinteoirí agus lena gcuid daltaí faoin scrúduithe stáit, ábhar a raibh saineolas as cuimse aige air mar scrúdaitheoir. Bhí ardmheas air mar aoichainteoir /léachtóir óir bhí sé in inmhe labhairt go húdarásach ón taithí fhada a bhí aige sa seomra ranga agus ar an tsiocair sin bhí an-ráchairt ar a chuid tuairimí áit ar bith a raibh Múinteoirí cruinn le chéile.
Dá bhrí sin tá sé beartaithe ag lárchoiste Chomhar comórtas náisiúnta a reáchtáil mar ómós don obair a rinne Dan. Beidh an comórtas dírithe ar mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar ábhar ollscoile nó ar mhic léinn sna coláistí oiliúna atá ag ullmhú le bheith ina múinteoirí. Is féidir le mic léinn i ndeisceart nó i dtuaisceart Éireann cur isteach at an gcomórtas.
Beidh duaiseanna á mbronnadh ar na mic léinn a ullmhóidh na pacáistí teagaisc is fearr ar an topaic seo:
‘Conas Daltaí a Spreagadh leis an nGaeilge a Labhairt’.
Ní mór aiste intreorach agus ceachtanna samplacha a fhorbairt mar chuid den phacáiste seo. Beidh moltaí praiticiúla sna pacáistí leis an nGaeilge labhartha a chur chun cinn sa seomra ranga agus treoir chuimsitheach ar conas na moltaí sin a chur i bhfeidhm.
Ní mór an t-ábhar a dhíriú ar dhaltaí bunscoile nó iarbhunscoile. Caithfear tagairtí agus leabharliosta a leagan amach go soiléir. Ní gá dul thar 2,500 focal.
Bronnfar €500 agus deilbhín mar dhuais ar an mac léinn a thiocfaidh sa chéad áit, €300 ar an mac léinn a thiocfaidh dara háit agus €200 ar an mac léinn a thiocfaidh tríú háit. D’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar na pacáistí a mbronnfar duaiseanna orthu mar achmhainn teagaisc ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge amach anseo.
Caithfear an pacáiste, chomh maith le litir chlúdaigh le tuilleadh eolais faoin iarrthóir, a bheith faighte ag Lároifig Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, roimh 5.00 p.m., Dé hAoine, 5 Feabhra 2010.
Róghnóidh painéal measúnóirí buaiteoirí an chomórtais. Foilseofar na saothair in Feasta.
Deireadh Fómhair 2009
>> Nuachtlitir Chomhar an Tuaiscirt
TFC trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí Gaeilge.
Tá sainchúrsa TFC á reachtáil ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge i gcomhpháirt leis an NCTE le freastal ar riachtanais mhúinteoirí atá ag múineadh Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile. Cúrsa 5 oíche atá i gceist, atá dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge ar mhaith leo a gcuid scileanna TFC a fhorbairt le húsáid sa seomra ranga Gaeilge. Reachtálfar an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge agus tá sé saor in aisce. Má theastaíonn uait clárú do chúrsa, ba chóir dul i dteagmháil leis an Ionad Oideachais áitiúil. Téigh ar www.gaeilge.slss.ie le dátaí na gcúrsaí a fháil nó cuir glaoch ar éinne ón tSeirbhís Tacaíochta don Ghaeilge (sonraí teagmhála ar an suíomh).
- Modúl 1 – Acmhainní ar líne;
- Modúl 2 – Powerpoint;
- Modúl 3 – Ilmheáin i gcomhthéacs na Gaeilge;
- Modúl 4 – Blaganna; Modúl 5 – Podchraoladh
>> TFC trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí Gaeilge
FÓGRA DO MHÚINTEOIRÍ GAEILGE - Athruithe ar Scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh
Moltar do mhúinteoirí suntas a dhéanamh den eolas a d’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an tseachtain seo maidir le hathruithe ar scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh 2010.
Ní mór do mhúinteoirí Gaeilge aird a dhíriú ar na cáipéisí atá anois ar fáil ar www.examinations.ie.
Beidh dhá rogha ann ó 2010 amach
Rogha 1 – 400 Marc (An Bhéaltriail roghnach a dhéanamh)
- 40 Marc don CT (10%)
- 160 Marc don Bhéaltriail (40%)
- 200 Marc don Scrúdú Scríofa (50%)
NÓ
Rogha 2 - 240 Marc (Muna ndéanann an dalta an Bhéaltriail)
- 40 don CT (17%)
- 200 don Scrúdú Scríofa (83%)
Tabhair faoi deara go mbeidh athruithe ar riar na marcanna dóibh siúd NACH dtugann faoin mBéaltriail roghnach. Ní mór an t-eolas a léamh go cúramach.
Beidh tuilleadh eolais ar an suíomh faoi seo go luath.
Impleachtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh i leith Theagasc na Gaeilge
Is cúis mhór imní do Chomhar na Múinteoirí Gaeilge na ciorruithe atá molta i dTuarascáil Mhic Cárthaigh (An Bord Snip Nua) don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go háirithe iad siúd a chuirfidh srian ar theagasc agus ar chaomhnú na teanga.
Tá impleachtaí tromchúiseacha i gceist leis an moladh go ndéanfaí díothú ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do scoláirí, do mhúinteoirí Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta a bhíonn ag brath ar an scéim seo gach bliain ar bhonn eacnamaíoch.
Beidh easnaimh mhóra ann don ghlúin óg, atá ag fás aníos ag foghlaim na Gaeilge, má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach go mbeidh an deis chéanna ag gach dalta an Ghaeilge a shealbhú mar theanga phobail ar an mbealach is tairbhí agus is nádúrtha. Is cás linn go bhfuil ciorrú déanta ar an deontas seo cheana i mbliana agus go bhfuil an dara ciorrú á mholadh ag am cinniúnach agus An Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag súil le 40% a bhronnadh ar an nGaeilge labhartha sa Bhéaltriail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta ó 2010/ 2012 ar aghaidh. Bheadh an ciorrú seo ag obair i gcoinne iarrachtaí na scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha. Is tréimhse fhíorthábhachtach an tréimhse sa Ghaeltacht do scoláirí a thugann tuiscint bhreise dóibh ar a bhféiniúlacht agus ar a n-oidhreacht chomh maith le tuiscint níos fearr ar an teanga.
Ní bheidh aon rogha ann ach táillí na gcoláistí a ardú gan an deontas seo agus beidh buntáiste breise ag daltaí a bhfuil sé d’acmhainn acu na táillí ardaithe a íoc. Fágfar páistí nach bhfuil a muintir in ann táillí ardaithe a íoc faoina thuilleadh míbhuntáiste. Buille tubaisteach a bheidh ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus tá an baol ann go dtiocfaidh deireadh leis na coláistí samhraidh má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm.
Léiríonn an moladh ón tuarascáil chéanna deireadh a chur leis An Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta easpa tuisceana ar an obair a dhéanann COGG agus ar an méid atá bainte amach ó bunaíodh í. Tá sainchúram ar COGG i leith acmhainní, taighde agus oiliúint a sholáthar d’earnáil na gaelscolaíochta agus má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm, ní bheidh fáil níos mó ag bunscoileanna agus iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar na seirbhísí riachtanacha a chuireann COGG ar fáil. Bheadh bearna mhór in earnáil na gaelscolaíochta dá gcuirfí an moladh seo i bhfeidhm.
Mar eagraíocht atá ag feidhmiú mar thaca do mhúinteoirí Gaeilge na tíre ó 1964, táimid ag iarraidh ar mhúinteoirí Gaeilge seasamh i gcoinne na moltaí treascracha seo agus tacaíocht a léiriú do theagasc na Gaeilge.
Gliogáil anseo http://www.ipetitions.com/petition/gaeltacht-future/ chun an achainí in aghaidh díothú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a shíniú ar líne agus chun tuilleadh eolais a fháil ar thodhchaí na gcoláistí samhraidh.
>> Tuilleadh eolais faoi fheachtas Ghaelscoileanna in aghaidh na moltaí anseo www.gaelscoileanna.ie
31 Lúnasa, Slógadh mhná tí na gColáistí Samhraidh
Beidh léirsiú á reáchtáil le tacaíocht a léiriú do na mná tí lasmuigh d’oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ag 2.00in Dé Céadaoin, 2 Meán Fómhair 2009. Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) atá ag eagrú an léirsithe mar agóid in aghaidh an mholadh i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais (An Bord Snip Nua) go ndéanfaí díothú ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge thar tréimhse dhá bhliain.
>> Tuilleadh eolais
Ceol don Ardteist ar fáil anois!
Téacsleabhar nua ar fáil! Ceol don Ardteist! Is aistriúchán é an leabhar seo ar nótaí a chuir an Fhoireann Tacaíochta don Churaclam (Ceol) ar fáil do mhúinteoirí ceoil. Tá ceisteanna, cleachtaí agus nótaí breise curtha ar fáil ag an eagarthóir chomh maith. Deirdre Ní Chaomhánaigh a d'aistrigh agus a chuir in eagar. Orduithe ó COGG 01 634 0831 nó eolas@cogg.ie
Treoir ceapadóireachta do scoláirí na hArdteiste – Leabhar spreagúil nua ó Mhícheál Ó Ruairc
Na Lucha ag Rince atá ar leabhar nua gearrscéalta do mhic léinn Ardteiste le Mícheál Ó Ruairc, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie). Briseadh croí, uaigneas, dóchas, maithiúnas, díoltas, sonas agus tuilleadh... Chomh maith le ceithre scéal is fiche atá suimiúil agus taitneamhach iontu féin, tá treoracha úsáideacha sa leabhar seo don mhac-léinn maidir le scríobh agus pleanáil scéalta.
>> Tuilleadh eolais
>> Nuacht 2010 |