Nuacht 2010
Ceistneoirí ar Scrúdpháipéir 2010
Fáiltíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge roimh aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí maidir le scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta 2010.
Ullmhaíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge tuairisc gach bliain bunaithe ar an aiseolas seo agus cuirtear tuairisc chomhaontaithe ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit in am do na Comhdhálacha Marcála. Mar sin, is fiú go mór aon tuairimí, bíodh siad dearfach nó diúltach, a chur in iúl dúinn sa tseachtain amach romhainn.
Is féidir cuairt a thabhairt ar na naisc thíos le tuairimí a léiriú faoi na scrúdpháipéir atá ar an liosta nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig eolas@cnmg.ie má tá fonn ort tuairimí breise a chur in iúl.
1. Teastas Sóisearach
(Gnáthleibhéal): www.surveymonkey.com/s/tsgnathleibheal
(Ardleibhéal): www.surveymonkey.com/s/tsardleibheal
2. Ardteistiméireacht
(Gnáthleibhéal): www.surveymonkey.com/s/gnathleibheal
(Ardleibhéal): www.surveymonkey.com/s/cnmg
Juvenes Translatores 2010 Comórtas Aistriúcháin Nua
Tar éis trí bhabhta rathúla, beidh an comórtas aistriúcháin JUVENES TRANSLATORES á reáchtáil don cheathrú huair ag an gCoimisiún Eorpach in 2010.
Ar dhaltaí 17 mbliana i scoileanna dara leibhéal ar fud an Aontais Eorpaigh atá an comórtas dírithe. Aistriúchán ar théacs ina rogha péire teangacha de 23 teanga oifigiúil an AE a bheidh le déanamh acu.
Aistritheoirí ón gCoimisiún Eorpach a mharcálfaidh is a roghnóidh an t-aistriúchán is fearr ó gach Ballstát. Tabharfar cuireadh ar thuras trí lá chun na Bruiséile do na buaiteoirí!
Cláraigh don chomórtas idir 1 Meán Fómhair 2010 agus 20 Deireadh Fómhair 2010 ar an suíomh gréasáin: http://ec.europa.eu/translatores
Lá an chomórtais: 23 Samhain 2010
Fógairt na mbuaiteoirí agus searmanas an bhronnta: 1ad leath de 2011.
Teagmháil: DGT-TRANSLATORES@ec.europa.eu nó lean sinn ar Facebook agus ar Twitter
>> Tuillead eolais
Duais Uí Loinsigh 2010
>> Tuillead eolais
SEIMINEÁR - Satharn 15 Bealtaine 2010
"Féiniúlacht, cultúr agus teanga i ré an domhandatha"
Á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Comhar agus MSTT Teoranta le tacaíocht ó Fhondúireacht na Gaeilge – www.fnag.ie
Áit: Óstán an Davenport, in aice le Cearnóg Mhuirfean
Dáta: Dé Sathairn an 15ú Bealtaine ag tosú ag 9.00 (clárú); céad léacht ag 9.30.
Taille: €10 (micléinn saor in aisce). >> Féach postaer ceangailte le seo.
Bheinn ana-bhuíoch diot ach a chur in iul dom an mbeidh/nach mbeidh tú in-ann freastal, agus nóta a chur chuig eolas@fnag.ie
Le gach dea-mhéin
Breandán Mac Cormaic|MSTT Teoranta
Cló Beo – Ceapadóireacht Leictreonach don Óige, Beo ar an Idirlíon!
Tá rannpháirtithe Cló Beo tar éis a bheith an-ghníomhach ag scríobh réimse leathan scéalta ó ghearrscéalta go stiallghreannáin ó thús na bliana. Ach tá an sprioc buailte linn agus tá an t-ábhar ar fad curtha ag na daltaí ar leathanaigh na scoileanna. Ach cad a spreag iad le dul i mbun pinn? Cén cineál saothair atá scríofa acu? Cad iad na téamaí a roghnaigh siad? Is féidir na saothair a léamh ar www.clobeo.ie le fáil amach!
Is scéim phíolótach í seo atá dírithe ar dhaltaí na hidirbhliana. Tugann an scéim deis do dhaltaí a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus ríomhaireachta a fhorbairt agus a gcuid oibre agus smaointe a roinnt le daltaí i scoileanna eile, beo ar an idirlíon. Iarradh ar na daltaí tarraingt óna dtaithí féin agus scríobh ar ábhair a bhfuil spéis acu iontu agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil anois ar an suíomh.
Tugann leathanaigh na scoileanna a ghlac páirt tuilleadh eolais faoin scoil agus faoin rang. Tá na saothair atá scríofa ag na daltaí le feiceáil ar leathanaigh na scoileanna agus curtha i gcatagóirí chomh maith. Moltar do dhaltaí rannpháirteacha logáil isteach agus a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis an méid atá scríofa acu féin agus ag scoileanna eile. Is chuige seo an blag atá curtha faoi gach saothar ar leathanaigh na scoileanna. Is féidir le haon duine na saothair a léamh agus fáilteofar roimh aiseolas ar na blaganna seo.
Beidh measúnú á dhéanamh ar na saothair do dtí deireadh mhí Aibreáin sula bhfógrófar buaiteoirí an chomórtais. Tá scríbhneoir aitheanta ag feidhmiú mar mholtóir rúnda dúinn agus ag léamh gach saothar go cúramach... coinnígí súil ar an aiseolas ón moltóir ar an suíomh! Beidh an moltóir rúnda á nochtadh agus na buaiteoirí á bhfógairt ag ócáid bhronnta againn ag deireadh mhí Bealtaine.
Bain sult as an suíomh idir an dá linn!
Prós (Plus) na hArdteistiméireachta
Ní fada uainn scrúduithe na hArdteiste
Cabhair ar fáil do dhaltaí ar Raidió na Life 106.4FM
Tá sraith nua de dheich gclár tosaithe ar Raidió na Life 106.4FM ag plé leis an gcúrsa Próis agus le gnéithe eile de chúrsa Gaeilge na hArdteiste. Tá cuid de na húdair le cloisteáil ag léamh sleachta as a saothair féin sa tsraith seo, mar shampla, Máire Mhac an tSaoi ag léamh a gearrscéal “An Bhean Óg” agus Maidhc Dainín Ó Sé ag léamh sleachta as “A Thig Ná Tit Orm”. I gcásanna eile is aisteoirí atá ag léamh míreanna atá ar an siollabas, mar shampla, Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir, á léamh ag Mac Dara Ó Fatharta agus Tetrarc na Gaililí le Pádraig Ó Conaire, á léamh ag Diarmaid de Faoite.
Tá na míreanna éagsúla atá ar an gcúrsa litríochta, An Bhéaltriail, an Triail Chluastuisceana, Ceapadóireacht srl á bplé agus á gcíoradh ar gach clár, ag paineál de mhúinteoirí go bhfuil taithí na mblianta acu ag plé leis an siollabas seo.
Tá na cláracha le cloisint ar Raidió na Life 106.4FM ar an Mháirt ag 13.30, athchraoladh ar an gCéadaoin ag 12.30 agus arís ar an Satharn ag 18.30.
An comhlacht léiriúcháin Scéal Eile a rinne an tsraith seo le maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
Tá an tsraith Filíocht na hArdteiste a rinne Scéal Eile anuraidh, á athchraoladh ar Raidió na Life 106.4FM faoi láthair leis. Tá teacht ar an dá shraith ar phodchraoladh. Gach eolas ar: www.raidionalife.ie
>> Tuilleadh eolais
FÓGRA DO MHÚINTEOIRÍ GAEILGE – Athruithe ar Shiollabais Ghaeilge na hArdteistiméireachta
Moltar do mhúinteoirí suntas a dhéanamh de na hathruithe a bheidh ag teacht i bhfeidhm ar Shiollabais Ghaeilge na hArdteiste in 2012.
Imlitir 20/2010 - Leasú ar Shiollabais Ghaeilge na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)
>> Tuilleadh eolais ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta
NA SIOLLABAIS AGUS AN CÓRAS MEASÚNACHTA DON ARDTEISTIMÉIREACHT GAEILGE
(GNÁTHLEIBHÉAL AGUS ARDLEIBHÉAL)
>> Tuilleadh eolais ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta
NUA - Téacsanna do chúrsa litríochta Gaeilge na hArdteistiméireachta ATAL & ATGL
Le teacht i bhfeidhm sna scoileanna i mí Lúnasa 2010, le scrúdú don chéad uair in Ardteist 2012
>> Tuilleadh eolais
Folúntais do Mhúinteoirí Gaeilge
Ar mhaith leat múineadh i scoil Eorpach?
Iarann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta iarratais ó mhúinteoirí a bhfuil cáilíocht aitheanta teagaisc acu mar aon le trí bliana tar a laghad de thaithí shásúil mhúinteoireachta.
>> Tuilleadh eolais
Comórtas Aistí Fiontar
Tá suim agat i dtodhchaí na Gaeilge, agus i do thodhchaí féin! Seo an deis anois duais iontach a bhuachaint – iPod Touch / Shuffle!!
>> Tuilleadh eolais
>> Fiontar
PREAS RÁITEAS 20.01.2010 – LE FOILSIÚ LÁITHREACH
Aitheantas Oifigiúil don Chóras Luath-Tumoideachais sna Gaelscoileanna
Tá cúis an-mhór ceiliúrtha ag gaelscoileanna na tíre seo le poiblí an scéala inniu go bhfuil deireadh tagtha le ciorclán 0044/2007 maidir le Teanga agus Litearthacht i Ranganna Naíonán i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an ciorclán conspóideach a aistharraingt agus an córas luath-thumoideachais a aithint go hoifigiúil. Tagann cinneadh na Roinne i ndiaidh tréimhse dhá bhliain go leith do dhian-fheachtas san earnáil i gcoinne eisiúint an chiorcláin sa bhliain 2007. Ba é príomhéileamh an fheachtais ná aistharraingt an chiorcláin, céim atá bainte amach inniu. Fágann sé seo go bhfuil na héilimh eile a bheidh mar thacaíocht don chóras luath-thumoideachais le réiteach le fóill, is é sin aontú ar na múnlaí a bheidh aitheanta mar chuid den chóras luath-thumoideachais agus ar an gclár taighde a bheidh mar bhonn d’fhorbairt an chórais. Osclaíonn an cinneadh seo an doras afách d’fhorbairt riachtanach agus cuimsitheach ar an gcóras luath-thumoideachais sna gaelscoileanna. Is í an chéad chéim eile sa phróiseas ná go ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dréacht-ionstraim reachtúil a eisiúint a chuimseoidh an tréimhse luath-thumoideachais, agus go ndéanfar plé agus comhairliúchán leis na bpáirtnéirí leasmhara sa ghaeloideachas ar an rialachán seo sula gcuirfear i bhfeidhm é.
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas le h-iarratsóirí sa chúis dlí agus gabhann an eagraíocht buíochas mór leo siúd a bhí mar chuid dá toscaireacht atá ag plé na ceiste agus ag lorg réitigh ar an gceist leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thús an fheachtais. Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. ról lárnach ár bpáirtnéirí Gaeilge, páirtnéirí oideachais agus na ceardchumainn ach go háirithe.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “is scéal an-dearfach atá ann agus fáiltímid go mór roimh chinneadh na Roinne bonn ceart a chur faoin gcóras agus deis a thabhairt do na scoileanna an córas is éifeachtaí sealbhaithe teanga a chur i bhfeidhm ina scoileanna. Is léiriú iontach é an scéal seo ar an éifeacht a bhíonn ag comhoibriú agus táimid an-bhuíoch don earnáil ar fad, na scoileanna a rinne dian-stocaireacht leanúnach ina thaobh agus na h-iarratasóirí a throid i gcoinne eisiúint an chiorcláin an chéad lá riamh.”
Tugann Mícheál Ó Broin, Uachtarán na heagraíochta aitheantas don chomhoibriú leis an Roinn, “gabhaimid buíochas le toscaireacht na Roinne a bhí i mbun na gcomhchainteanna linn. Tríd an cinneadh seo, léiríonn siad a dtuiscint do thábhacht agus rath an chórais agus táimid ag súil go mór le comhoibriú leanúnach leo agus leis na páirtnéirí leasmhara ar an gceist faoi na múnlaí a aithneofar agus ar fhorbairt an chórais trí acmhainní agus chlár taighde cuí a chur i bhfeidhm”.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin 01 853 5195
Mícheál Ó Broin 087 946 7700
oifig@gaelscoileanna.ie
|