Dánphóstaeir
Tá dánphóstaeir anois ar fáil ón Lároifig. Tá an chéad dhá phóstaer sa tsraith bunaithe
ar na dánta ‘Teilifís’ le Gabriel Rosenstock agus ‘Glaoch Abhaile’ le hÁine Ní Ghlinn.
Leanfar leis an tsraith le dhá phóstaer eile sa bhliain 2009. Táimid ag súil le haird na
ndaltaí scoile a tharraingt ar an bhfilíocht chun go mbeidh sí ina hábhar plé agus iontais
sa seomra ranga. Bheadh na póstaeir seo oiriúnach do sheomraí ranga sa bhunscoil nó
sa mheánscoil.
 
Le cóipeanna a ordú ón Lároifig, cuir glaoch ar (01) 639 8445/8
seol ríomhphost chuig eolas@cnmg.ie. Beidh lascaine 15% ann do bhaill.

An Eagraíocht
Bunaíodh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i 1964. Feidhmíonn an eagraíocht mar thaca agus mar fhoinse threorach
do mhúinteoirí uile na tíre – atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge – ina gcuid iarrachtaí chun cur
lena ngairmiúlacht féin agus chun feabhas a chur ar shiollabais agus ar fhoghlaim na Gaeilge.

Chuige seo foilsítear acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí gairmiúla ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí. Faigheann Comhar na Múinteoirí Gaeilge deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge.  


Aidhmeanna
• Múineadh na Gaeilge a chur chun cinn agus ionad na Gaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt
• Seirbhísí gairmiúla a sholáthar do mhúinteoirí ag gach leibhéal den chóras oideachais
• An Ghaeilge a chur ar aghaidh leis na háiseanna agus leis na modhanna is éifeachtaí
• Bheith lánpháirteach le hinstitiúidí oideachais chun na leasuithe is gá a bheachtú agus chun
  athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam nuair is gá
• Comhoibriú chun leas mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge a chothú


Comhar na Múinteoirí Gaeilge ag obair i gcomhar
• Le craobhacha ar fud na tíre
• Le múinteoirí agus le scoileanna
• Le forais oideachais agus Ghaeilge
• Le foilsitheoirí agus lucht léinn
• Leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta
• Leatsa?


Comhar na Múinteoirí Gaeilge
• Tá 36% de lucht Daonáirimh a bhfuil Gaeilge acu – a bhformhór ón scoil.
• Ag tacú le múineadh na Gaeilge ag gach leibhéal!
• Dearadh agus feidhmiú siollabas nua – atá ag cinntiú torthaí scrúdaithe i bhfad níos fearr.
• Forbairt pobail ar fud na tíre – in eagrais agus ar choistí.
• Soláthar ábhar teagaisc agus foghlama – liosta ar fáil!
• Bígí linn – Bígí i gComhar linn!


Gníomhaíochtaí
• Cúrsaí Inseirbhíse
• Cainteanna agus Seimineáir
• Taispeántais
• Soláthar ábhar teagaisc/foghlama
• Foilseacháin Ócáidiúla
• Comórtais
• Ionadaíocht ar chuid mhór Coistí agus Eagraíochtaí Gaeilge


Cruinniú Cinn Bhliana, 1 Márta 2008
>> Tuilleadh eolais

 
Comhar na Múinteoirí Gaeilge | 7 Cearnóg Mhuirfean | Baile Átha Cliath 2 | 01 639 8445/8 | eolas@cnmg.ie | www.cnmg.ie
 
Coipcheart © 2007 ag Melt Design Ltd, Gach ceart ar cosaint.
Dearadh suímh le Melt Design Ltd