CMNG Logo dvd newsletter photos

Gaeilge | Béarla

Léarscáil an tSuímh

Top Left Curve

Bain Triail As!


Is cúis áthais do Chomhar na Múinteoirí Gaeilge Bain Triail As!, treoir do bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta, a eisiúint ar DVD.  

Bain Triail As! curtha i láthair ag Bláthnaid Ní Dhonnchadha ('Paisean Faisean', TG4) agus tugann sí go leor moltaí praiticiúla agus leideanna úsáideacha do dhaltaí atá ag ullmhú don bhéaltriail. Sa chlár, léirítear na bealaí is fearr leis an nGaeilge labhartha a chleachtadh agus tugtar moltaí maidir le seachaint na mbotún is coitianta sa scrúdú. Níos fearr fós, tugtar léargas ar cad le bheith ag súil leis le linn na béaltrialach agus conas freagraí maithe a thabhairt ar cheisteanna an scrúdaitheora.
 

Tá cleachtaí breise ar an DVD chomh maith, ag baint leis an aimsir chaite, an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach agus an modh coinníollach den bhriathar agus moltar do dhaltaí féachaint ar an DVD seo cúpla uair agus iad ag ullmhú don scrúdú.

Ba é Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com), a scríobh script an chláir Bain Triail As! agus d'fheidhmigh sé mar chomhairleoir teanga an tionscadail chomh maith. Tá Éamonn ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelchultúr agus tá sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Oideachais leis an gcomhlacht sin ó bhí 2005 ann.

Is féidir Bain Triail As! a ordú ar www.siopa.ie (€20) agus is féidir le baill chláraithe cóipeanna a ordú ar phraghas laghdaithe ó Lároifig Chomhar na Múinteoirí Gaeilge.

Foilsíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí gairmiúla ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí. Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht agus faoi na háiseanna eile atá ar fáil ar www.comhar.ie

Maoinithe ag


Foras na Gaeilge LogoTP Logo


© Comhar na Múinteoirí Gaeilge 2009
    7 Cearnóg Mhuirfean,
    Baile Átha Cliath 2..

    01 639 8445/8

Top Left Curve Top Left Curve
Coipcheart © 2009 ag Melt Design Ltd, Gach ceart ar cosaint.
Dearadh suímh le Melt Design Ltd